Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuala sé an callán, chuaidh sé suas giota agus shíl sé go rabh ná daoine ag siubhal ar a ghulaineacha, agus d’amharc sé thart, agus rinneadh cloch ghorm dó. Nuair a d’amharc an bhean ar an scin, bhí sí dearg agus bhí fhios aicí go rabh sé marbh.
Dubhairt an dara fear go rabh sé féin ag imtheacht agus rinne sé réidh lón agus d’fhág sé scin ina dhiaidh d’iarr sé ar an mhnaoi amharc uirthí achaon lá agus nuair a thiompochadh sí dearg go mbéadh seisean marbh.
D’imthigh sé leis agus tháinig sé fhad le teach a rabh seandhuine na chomhnuidhe ann. Bhí sé ar loistín aige go maidín agus d’innis sé de go rabh sé ag dul go dtí an domhan thoir.
D’iarr an seandhuine air gan dul annsin na gur ioma duine a chuaidh annsin agus nar phill ariamh. Is cuma arsan fear eile caithfidh mise na trí nigh a fhaghail.
Bhéarfaidh mé an bomhal seo duit agus lean é bhearfaidh sé go bun chnuic tú. Nuair a thiocfas tú fá ghiota dé’n chnuc cluinfidh tú an callán agus iad ag iarraidh gan é ligin níos fuide.
Ná tabhair thusa áird órta agus na amharc thart nó tiompochaidh tú do chloc ghorm. D’imthigh sé agus lean sé an bomhal agus tháinig sé go bun cnuic. D’imthigh an bomal as amharc. Chuaidh sé suas giota taobh an chnuic. Cuala sé an callán agus shíl sé go rabh siad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Bun na Leaca, Co. Donegal