School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
An Luinnigh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 465

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 465

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luinneach
  2. XML Page 465
  3. XML “Scéal fá dtaobh den Triúr a Raibh Garraí Deas acu”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an domhan thoir dá mbíodh siad ábalta dul fad leobhtha. Dubhairt sí gur badh iad na trí nigh Tobar-na-h-aocláinte. Éan-na-Sgéalaidheacht agus crann-an Cheoil.
    D’innis an bhean seo do na fir agus dubhairt an chead fhear go gcaithfeadh sé iad fhagháil. Ar maidín lá-thar-na-bhárach rinne sé réidh lón fá choinne imtheacht. D’fhág sé scin ina dhiaidh agus d’iarr sé ar an mhnaoi amharc air achaon lá agus nuair a thiompochadh an scin dearg go mbéadh seisean marbh.
    D’imthigh sé leis go dtáinig an oidhche air. Chuaidh sé isteach i dteach agus bhí seandhuine na chomhnuidhe ann. Bhí sé ar loistín aige go maidín agus d’innis sé do go rabh sé ag dul go dtí an domhan thoir.
    Dubhairt an seandhuine gur ioma duine, a chuaidh an bealach sin, agus nar phill ariamh, agus d’iarr sé arsan gan a dhul ann.
    Is cuma arsan fear eile, caithfidh mise na trí nigh, a fhagháil. Bhéarfaidh mé an bomhal seo duit arsan (d) seanduine agus lean é. Siubhailfaidh sé féin. Bhéarfaidh sé go bun cnuic thú. Nuair a bhéas tú fá ghiota de’n chnuc, cluinfidh tú an callán agus béidh an cnuic lán clocha gorma.
    Ná tabhair áird ar bith ortha, shiubhal leat. D’imthigh sé, agus lean sé an bomhal go dtáinig sé go bun an chnuic, agus d’imthigh an bomhal amach as amharc.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Dhomhnaill
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    An Luinnigh, Co. Donegal
    Informant
    Aodh Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    56
    Address
    Bun na Leaca, Co. Donegal