School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
An Luinnigh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 463

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 463

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luinneach
  2. XML Page 463
  3. XML “Scéal fá dtaobh de na Trí Chomhairle Mhaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    aráin dó fá choinne ar eagla go mbeadh ocras air na bhí giota fada aige le dhul, d’imthigh sé agus nuair a bhí sé ag (sé) siubhal an bealach seasagh air beirt fheidleóir agus d’iarr siad air dul an aithrighte ach dubhairt seisean nach rachadh agus d’imthigh sé leis go dtí go dtáinig sé go dtí teach beag agus chuaidh sé isteach a dheargadh a phíopa agus nuair a bhí sé tamall istoigh chonnaic sé gur bean óg agus seanduine a bhí istóigh agus smaointigh sé ar an dara comhairle, agus d’imthigh sé. Bhí an oidhche ag teacht air agus chonnaic sé cruach fhéir agus bhí sé ag dul a codhladh annsin go maidín.
    Nuair a bhí sé tamall ins an cruaich mhothaidh sé fear agus bean ar an taobh eile d’en cruaich ag deanamh suas go marbhochadh siad an sean-duine agus go bhfacadh, ar an bheirt fhéidleóir a bhí istoigh é.
    Bhí sgian ag an fhear seo agus pholl sé fríd an chruaich agus bhain sé píosa amach as cóta an fhir agus píosa eile amach as seal na mná. Annsin d’imthigh sé leis na bhaile agus nuair a shroich sé an baile bhí luthgháir mhór ar a mnaoi roimhe, agus rinne sí tae do agus nuair a bhí sí gearramh an bhuillibhín fuair sí tuarastal deich mbliadhna istoigh ins an bhuillibhín agus bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Cholla
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    An Charraig, Co. Donegal
    Informant
    Caitlín Ní Ghallchobhair
    Gender
    Female
    Age
    40
    Address
    An Charraig, Co. Donegal