Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Donegal
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 458

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 458

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 458
  3. XML “Scéal fá Bhean a Raibh Beirt Iníonach aici”
  4. XML “Bean na nGéach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chuaidh sí na bhaile, (a) chuig a mathair, agus bhí sí iongantach deas. Acht bhí fuath bocht ag an mhathair uirthi, agus chuirfead sí (a) í, fá choinne mónadh gach lá.
    Lá amháin chuaidh sí go dtí teach beag, agus d’amharc sí isteach, agus chonnaic sí triúr fear agus ní rabh siad níos mó ná fód mónadh.
    D’iarr siad ortha theacht isteach agus an teach a sguabhadh. Dubhairt sí nach ndeánfadh, dubhairt siad léithe go mbheadh sí go gránna agus go gcaithfead sí amach ar an doras í. Chuaidh sí na bhaile agus chait an mháthair amach ar an doras agus fuair sí bás leis an ocras.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bean na nGéach.
    Bhí Rí agus bainríoghain ann uair amhain agus bhí (uile) gach rud aca da mian leo. Bhí dhá mac dhéag aca a bhí iongantach deas.
    Bhí rud amhain ag cur buadartha ar an bainríogháin sé sin nac rabh nighean aici.
    Lá amhain geimhridh bí sioc agus sneachta ins an air. Bhí an bainríoghain ag amharc amach ar an fuinneóg agus tcí sí preachán ina luighe ins an t-sneachta agus a chuid fola thart fa
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Nic Pháidín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Chorrmhín, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Nic Pháidín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    An Chorrmhín, Co. Donegal