School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Luinneach
- XML Page 443
- XML “Scéal - Seán Amaideach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dubhairt a mhathair leis gur cheart dó, an pígín a thabhairt leis ar a cheann, agus greim a choinneáil air.
An tríomhadh lá, bhí sé ag obair, agus fuair sé cat. Chuir sé an cat suas ar a cheann agus sgríob an cat é, agus bhí an fhuil ag rith anuas ina shúile. Seo an rud a d’iarr mo mhathair orm a dheánamh, arsa seisean. Nuair a tháinig sé ‘un a bhaile, bhí sé uilig stróchta. Dubhairt a mhathair ghur cheart dó, córda a chur ar an chat, agus é, a tharraingt ina dhiaidh.
An ceathradh lá, a bhí sé ag obair, fuair sé giota feóla. Chuir sé córda ar an fheoil, agus tharraing sé ina dhiaidh an fheoil. Nuair a tháinig sé chun na bhaile, d’innis sé dó ná mhathair, go rabh feoil leis, chuicí. Bhí luthgháir mhór (orta) uirthi. Acht bhí an fheoil comh salach sin, nach dtiocfadh léithe, í a ithe, agus b’éigin dí, í a chaith camh ar shiubhal. Dubhairt a mhathair, leis gur cheart dó, córda a chur ar an fheoil, agus í a chur ar a dhruim.
An dara lá, á bhí sé ag obair, fuair sé asal, agus chuir sé ar a dhruim é. Bhí sé ag dul thart ag palas an Rígh. Bhí inghean ag an Ríogh, agus bhí sí bodhar ó rugadh í.(continues on next page)- Collector
- Síghle Nic Aodha
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Informant
- Bríghid Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 30
- Address
- An Luinnigh, Co. Donegal