School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Luinneach
- XML Page 442
- XML “Scéal - An Dá Shaighdiúir”
- XML “Scéal - Seán Amaideach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nar dtug sé trí oráiste díthe. Nuair a bhí siad ithte aice fuair an srón biseach. Chuaidh an doctúir na bhaile agus bhí lúthgháir mhór air fhéin agus an t-saighdhiúir eile go rabh an sparán agus an clóca aca aríst agus bhí am breagh aca ní bá mó na dhiaidh sin.
- Sgéal Seán amaideach.Bhí gasúr ann uair amháin, bhí sé ina chomhnuidhe ag a mhathair ní rabh cleachtadh aige a dhath oibre a dheánamh. Bhí a mháthair iongantach bocht agus chá rabh a dhath aicí le (deanamh) h-ithe dubhairt sé le na mháthair, maidin amháin go rabh sé ag dul a d’obair agus go mbéadh siad saidhbhir go foill. Seán a bhí ar an ghasúr seo.
Chuaidh sé a d’obair an lá sin, agus ins an tráthnóna fuair sé pighinn. Thug sé leis ina lámh í, agus chaill sé í. D’innis sé dó ná mhathair goidé, d’éirigh dó, agus dubhairt an mhathair leis gur cheart dó, an phighinn a chur ina phóca. Dubhairt Seán go ndeánfadh sé sin feasta.
An dara lá, bhí sé ag obair, fuair sé pígín bainne, agus chuir sé isteach ina phoca an pígín, agus dhóirt sé é.(continues on next page)- Collector
- Síghle Nic Aodha
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Informant
- Bríghid Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 30
- Address
- An Luinnigh, Co. Donegal