School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
An Luinnigh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 433

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 433

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luinneach
  2. XML Page 433
  3. XML “Scéal - Seán Dick agus an Diabhal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    nach dtiocfadh sé a choir go cionn seacht mbliadhna. Thóg Seón é agus d'imthigh sé.
    Nuair a bhí na seacht mbliadhna astoig tháinig an diabhal ar ais agus dubhairt sé le Seón, an bhfuil tú ag teacht liom indiu? Dubhairt Seón go rabh dá mbuaileadh sé amach set cruiteacha dó. Dubhairt an diabhal nach mbuaileadh. Diarr Seón air annsin suidh ins an chathaoir mhór agus comhradh a choinneaill le na mhnaoi go mbuaileadh sé féin amach é. Dubhairt Seón, siubhal leat. D'imthigh siad agus siubhal siad leo go dtáinig siad fhad le teach ólacháin.
    Dubhairt Seón na dteachfaidh sé thart le teach ólacháin ariamh gan a dhul isteach ach níl aon phinghin agam indiú. Dubhairt an diabhal go ndéanfadh sé é féin isteach i nginí agus rinne. Chuir Seón an giní isteach ins an sparán agus chuaidh sé isteach agus d'ól sé luach an ghiní agus ní rabh aon duine ábalta an giní a bhaint amach as an sparán.
    D'imthigh Seón leis chun an bhaile agus chaith sé an sparán isteach faoin phlaincead ins an leabaigh. Thosigh an diabhal a phreabadaigh ins an leabaigh an oidhche sin agus sgairt an bhean le Seón go rabh an diabhal istoigh ins an leabaigh. Ar mhaidin lá thar na mhárach thug Seón leis an sparán agus an diabhal istoigh ann amach go dtí an inneár. Bhuail sé an diabhal leis an órd agus sgairt an diabhal le Seón é a leigint ar shiubhal agus na dtiocfadh sé a choir a choidhche. Leig Seón ar shiubhal an diabhal agus é go cruinn le tobán.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    12
    Address
    An Luinnigh, Co. Donegal
    Informant
    Séamus Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    84
    Address
    Srath na Bruaí, Co. Donegal