Bhí fear ann fadó dárbh ainm Seón Dick agus bhí sé na ghabh. Badh ghráth leis an diabhal a teacht cuig Seón go minic agus ní raibh fhios aige caidé an dóigh a gcoinneochadh sé ar shiubhal é. Smaointigh sé ar phlan. Bhí órd aige agus dá bhfuighteá greim uirthi ní tiocfadh leat í a leigint amach go leigfeadh sé féin amach duit í. Bhí cathaoir mhór aige agus dá suidhfeá innti ní thiocfadh leat éirigh go leigfeadh sé féin duit éirigh. Bhí sparán aige agus dá gcuirfeá rud ar bith isteach ann ní tiocfadh leat é a bhaint amach as. Tháinig an diabhal agus dubhairt sé le Seón. An bhfuil tú ag teacht liom indiu. Dubhairt Seón go rabh dá mbuailfeadh sé amach set cruiteacha dó. Bhuail an diabhal amach iad agus nuair a bhíeadar buailte amach aige ní rabh sé ábalta an t-órd a leigint amach agus na dtiocfadh sé a choir go cionn seacht mbliadhna. Leig Seón amach é agus dimthigh an diabhal. Nuair a bhí na seacht mbliadhna astoigh tháinig an diabhal arais agus dubhairt sé le Seón an bhfuil tú ag teacht liom indiu. Dubhairt seón go rabh dá mbuailfeadh sé amach set cruiteacha dó. Dubhairt an diabhal nach mbuailfeadh. Diarr Seón air annsin suidhe ins an cathaoir mhór agus comhradh a choinneáil le na mhnaoi go mbuailfeadh sé féin amach iad. Shuidh an diabhal ins an cathaoir agus nuair a bhí na cruitheacha buailte amach ag Seón ní rabh an diabhal ábalta eirigh. Sgairt sé le Seón agus d'iarr air é a thógáil agus
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »