School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
An Luinnigh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 429

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 429

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luinneach
  2. XML Page 429
  3. XML “Scéal - An Bhean agus a Beirt Mhac”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fad ó shoin agus bhí beirt mac aici. Bhéadh fear aca i dtólamh breoite, agus bhí an t-sláinte go maith ag an fhear eile.
    Bhuail an bás an gasúr a bhí breoite agus fuair sé bás. D'imthigh an mháthair ag an sagart agus d'innis sí dócaidé tharluigh. Tháinig an sagart agus bhí dhá easbol leis. Chuaigh siad ar a n-glúine ag taoibh an áit a rabh an gasúr marbh, agus thoisigh siad a urnaighe acht ní dheachaidh an sagart ar a ghlúine an t-am seo ar chor ar bith.
    Bhí an dá easbol ar a n-glúine ag urnaighe acht ní rabh siad ábalta an gasúr a dhéanamh beo. Acht nuair a bhfaide leis an t-sagart a bhí siad, gan an gasúr a dhéanamh beo. Dubhairt sé, lucht an chreidimh lag, éirighidh amach as seo. Agus d'éirigh.
    Chuaidh an sagart é féin ar a ghlúna annsin agus rinne sé an gasúr beo. D'imthigh an sagart agus an dá easbol na bhaile. Bhí luthghair mhór ar an mháthair nuair a cháinig sí an gasúr beo.
    Tamall maith na dhiaidh seo, is cosamhail go rabh an gasúr eile amuigh ar an bhealach mhór oidhche amháin agus chualaidh sé droch fhocal. Chuaidh sé a gháiridhe faoi. Tháinig sé isteach na bhaile an oidhche seo agus chuaidh sé a luighe, agus bhí sé marbh ar maidin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhuibhir
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    An Luinnigh, Co. Donegal
    Informant
    Anna Ní Dhuibhir
    Gender
    Female
    Age
    48
    Address
    An Luinnigh, Co. Donegal