School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
An Luinnigh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 410

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 410

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luinneach
  2. XML Page 410
  3. XML “Paróiste Ghaoth Dhobhair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an tsean am, bhí Gaoth Dobhair agus Cloch Cheann Fhaolaidh ina bparóiste amháin darbh ainm Tulacha Bigli.
    Rinneadh dhá pharóiste de Thulacha Bigli i dtús na haoise seo a chuaidh thart _ 1800, .I. Tulacha Bigli Thoir (Cloch Cheann Fhaolaidh) agus Tulacha Bigli Thiar (Gaoth Dobhair).
    Nuair a bhí sagart paróiste Ghaoth Dobhair ar tí séipéal a thógáil ní thabhairfeadh an Tighearna Hill áit ar bith dó diombainte de ghleanntan garbh na brághaid ina rabh abha bheag ná sruthán ag rith fríd agus bhí an lán mara ag teacht isteach suas glan díreach go dtí an áit seo. Nuair a chastaí an lán mara ar an abhainn i n-am tuile bheadh an gleanntán seo mar bheadh loch mhór ann, bhí seo do-sheachanta as siocair go rabh an talamh beagnach cothrom leis an fhairrge. Is í seo an áit a thairg an tighearna do 'n sagart, ná mheas se ná' r bhféidir teach pobail a chur suas innti. Glacadh ná fágadh an sagart an áit seo anois ní rabh áit ar bith eile le fagháil aige ón tighearna.
    Cibe's ar bith tógadh an séipéal ar dhá thaobh na habha agus rinneadh áirse droichid faoi an urlár ar an sgiathán thiar de, agus bhí an abha ag sileadh fríd go dtí tar éis na tuile 'san bhliadhan 1880.
    Bhí cuid mhór trioblóide ag glannadh amach na h-áite, mar nach rabh a' dhath ann acht creag amháin uilig. Ghlac sé an iomad púdair, agus muir[?], acht fuaras a bhuaidh agus tógadh séipéal breágh árd, ar cheann de'n na toigtibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
    Language
    Irish
    Collector
    Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir