School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
An Luinnigh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 408

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 408

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luinneach
  2. XML Page 408
  3. XML “An Lánúin Bhocht”
  4. XML “Tomhais”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sise seo d'iarr sí air an chomhla a thabhairt leis giota eile nuair a thug sé leis an fhaid sin í. Nuair a chuaidh siad giota fada d'éirigh siad tuirseach agus chuaidh siad suas ar chrann le na sgíste a dhéanamh.
    Bhí siad tamall suas ansin nuair a tháinig sgaifte fear thart agus shuidh siad ag bun an chrann. Droch dhaoine a bhí ins na fir seo agus bhí mórán airgid aca. Thosaigh siad a chunntas an airgid. Chaith an fear a bhí shuas ins an crann an chomhla anuas agus mar gur shíl na fir a bhí ag bun an chrainn go rabh an domhan ag tuitim ortha, do sganruigh siad agus d'imthigh siad ag rith. Annsin tháinig an bheirt a bhí suas 'san chrann anuas agus fuair siad an t-airgead uilig. Chuaidh siad 'na bhaile agus bhí siad breágh saidhbhir ón lá sin amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.