School: Luinneach (roll number 13958)
- Location:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Teacher: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nuair a chualaidh an mháthair gurab é a mac a bhí ann bhí lúthghair mhór uirthi, acht nuair a d'innis an t-athair dí gurab é an gaduidhe is mó ar an domhain é bhí brón mór uirthi.
Is fearr duit imtheacht arsa'n t-athar ná tá fear uasal thuas annsin agus scaoilfidh sé tú má chluineann sé gurab é gaduidhe atá ionnan.
Chuaidh an t-athair chuig an fear uasal agus d'innis sé an sgéal dó. Sgaoil sé an gaduidhe agus bhí an t-athair agus an mháthair iongantach buadhartha ó shin amach. - Bhí bean ann fad ó shoin agus bhí triúr mac aici. Rinne sí seirbhíseach girrsighe a fhastódh. Dílleachta a bhí innti agus bhí a hathair agus a máthair marbh. Bhí sí ina comhnuidhe i dteach ina rabh fear amháin ann, agus rinne seisean í a fhastódh ar feadh deich mbliana leis an mhnaoi seo. Nuair a bheadh na deich mbliana thuas bhí suim áirithe airgid le fágháil aici.
Bhí go maith agus ní rabh go holc go rabh na deich mbliana istoigh, agus ní rabh an t-airgead le fágháil ag an girrsigh. Smaointigh an bhean seo nach rabh airgead ar bith aici le tabhairt dí agus gur mhaith an cleas í a(continues on next page)- Collector
- Anna Nic Aodhacháin
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- An Chorrmhín, Co. Donegal
- Informant
- Caitlín Nic Gharbhaigh
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Address
- An Ghlaisigh, Co. Donegal