School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
An Luinnigh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 404

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 404

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luinneach
  2. XML Page 404
  3. XML “Scéal - Mac an Bhaill Dhuibh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear agus bean ann fad ó shoin. Bhí mac amháin aca agus d'imthigh sé leis a shaothrughadh a chodach agus ní rabh fhios aca cá rabh sé. Lá amháin bhí an t-athair amuigh 'san gharrdhadh agus chonnaic sé cóiste ag tarraingt air agus tháinig fear amach as agus thoisigh sé a chaint leis.
    Bhí cuid mhór crann ins an gharrdhadh agus bhí crann amháin cam ann. Chuir an fear ceist ar an t-seanduine cad chuige ina rabh an crann sin cam. Tá ar seisean níor cheangail mé suas díreach é nuair a bhí sé ag fás ina óige.
    Chuir fear an chóiste ceist air, an rabh teaghlach ar bith aige. Dubhairt seiseann go rabh mac amháin aige acht gur imthigh sé leis i mbéal a chinn agus ná'r chuala sé iomrádh ar bith níos mó air.
    I n-aithneóchtha an mac sin dá bhfeictheá é. Dubhairt sé nach n-athneóchadh acht go rabh ball amháin ar láimh a mhic agus is cuma cia'n áit ina bhfeicfeadh sé é go n-aithneochadh sé é.
    Bhain fear an chóiste de a chóta agus ar seiseann, "an é sin an ball a bhí ar do mhac"? "Sin an cineál marc a bhí air", arsa'n fear.
    Is mé do mhac agus agus is mé an gaduidhe is mó ar an domhan. Nuair a chualaidh an t-athair seo bhí sé iongantach buadhartha.
    D'iarr sé air a theacht leis go dtí an teach agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Nic Pháidín
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    An Chorrmhín, Co. Donegal
    Informant
    Eibhlín Nic Paidin
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    An Chorrmhín, Co. Donegal