School: Luinneach (roll number 13958)

Location:
An Luinnigh, Co. Donegal
Teacher:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 401

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 401

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luinneach
  2. XML Page 401
  3. XML “Scéal - Bean an Dá Adharc Déag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ag sníomh barraigh Oidhche Shamhna amháin i ndiaidh an mheadhoin oidhche. Tháinig bean isteach ina rabh adharc uirthi agus d'iarr rollóg go dteidheadh sí a chuidiughadh agus fuair. Tamall ina dhiaidh sin tháinig bean isteach ina rabh dhá adhairc uirthi agus d'iarr rollóg go dteigheadh sí a chuidiughadh agus fuair. Bhí siad ag ag teacht isteach leo go dtáinig bean isteach ina rabh dhá adhairc déag uirthi agus badh í sin an maighistreas a bhí othha.
    Nuair a bhí siad tamall istoigh dubhairt bean an dá adhairc déag, "an rabh smaointiughadh ar bith aici braon tae a dhéanamh reidh daobhtha". Maise adubhairt bean an toighe níl aon deór uisge istoigh. Bhál adubhairt a bhean eile annsin, tá tobar beag thíos annsin agus ní bheidh tú i bhfad ag tabhairt isteach braoin.
    D'imhthig an bhean síos fá dhéin an uisge agus í iongantach sgannruighthe. Bhí fear ag an tobar roimpi agus dubhairt sé léithe, "tá sgaifte aca thuas agat". "Tá" arsa sise "agus níl fhios agam caidé a dhéanfas mé leo". Caidé a dhéanfas tú arsa seisean. Nuair a rachas tú suas sgairt go bhfuil an lios le theinidh, agus comh luath géar is gheobhas tú an bhean dheireannach aca amuigh druid an doras agus na leig isteach níos mó iad.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Gallchobhair
    Gender
    Male
    Age
    12
    Address
    An Luinnigh, Co. Donegal
    Informant
    Síghle Nic Gharbhaigh
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    An Luinnigh, Co. Donegal