School: Oileán Toraighe (roll number 5164)

Location:
Toraigh, Co. Donegal
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 362

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 362

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Oileán Toraighe
  2. XML Page 362
  3. XML “Amhrán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Amhrán

    Is truaghnach bhfuil mé i nÉirinn san áit a tógadh mé i dtús mo shaoil

    Amhrán
    1
    Is truagh nach bhfuil mé i nÉirinn
    San áit a tógadh mé i dtús mo shaoil
    Na ar bhruach na binne móire
    Na ar an éarlinne le na taobh
    Sin an áit a bhfuil taos óg
    Thógadh brón agus tuirse díom
    'S da mbéinn blian eile arais ní b'óige
    Béinn ag ól leobhtha arais
    2
    Ceannochainn gáraidh da néireochadh liom
    Cuirfinn lustairt breagh árd ann agus bláth bán ar chrainn
    Síol coirce síol eorna, síol a ndéantar dó an lionn.
    'S gur bé sial na gcóirte d'fhág an mála ar mo dhruim
    3
    Blian mhór san am seo
    Bhí mé mo chomhnuidhe i gcrach an sgiobail.
    Bhí mo theach mór a dhéanamh
    Ag saor istoigh i gCorcaigh
    Bhí mo cheann ar bhárr pící
    Le gaoth mór 's le fearthainn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish