School: Oileán Toraighe (roll number 5164)

Location:
Toraigh, Co. Donegal
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 355

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 355

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Oileán Toraighe
  2. XML Page 355
  3. XML “Amhrán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Amhrán (continued)

    Ag dul go Baile Átha Cliath damh an chéad lá de'n tseachtmhain

    (continued from previous page)
    Bhéarfainn-se na coillead thú san san áit a gcomhnuidheann na héanlaith

    Agus chonnaic mé sa ghleann thú
    Agus bhí caint agat féin liom.
    'Ógánaigh dhaimheamhail nach dheas nighfinn féin dó léinidh
    Chan le huisce dubh baistigh nó le sludán a mbéadh géacha ann.
    Acht le fíon dearg na Spáinne agus brannda na Gréige
    Agus bhéinnse dar deismear le deismear an lae ghil.
    Bhfuil cuimhne agatsa ar an oidhche a bhí mé féin 's tú ag ól.
    Cois an chrainn caonraigh agus gan aoineach ar gcóir
    Chá raibh fasgadh ó'n ghaoith againn na dídéan ó'n fhearthainn
    Acht ár gcótaí faoi ár ngluna againn agus ár nglúna ag cur tharainn
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish