School: Oileán Toraighe (roll number 5164)
- Location:
- Toraigh, Co. Donegal
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Oileán Toraighe
- XML Page 354
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán
“Ag dul go Baile Átha Cliath damh an chéad lá de'n tseachtmhain”
Ⅰ
Ag dul go Baile Átha Cliath damh an chéad lá den tseachtmhain
Thárla an cailín óg damh agus thug mé spéir daoi 's taitneamh
Labhar sí fríd a gloírín ca gcomhnaidheann tú a mharcuigh
Caidé mar tá do chéile nó an féidir duithe marstain
Tá sí tinn téalaigh le fiabhras na leabaidh le coradh agus trí raithche
Agus tá léig do mo chreachadh.
'Ógánaigh dháimheamhail an mbeithfea buartha dá gcuirfea i dtalamh í.
Ⅱ
Gheobhfa bó caora agus saoirse mhaith folladh.
Sin agus dó mhnaoi céile agus bean a choireochadh do leabaidh.
Dar a leóga duit-se a oig-mhnaoi agus na bí do mo mealladh
Nó tá muirighin óg agam agus is óg liom a scabadh.
Dar a leóga duit-sé a óganaigh
Acht go bé gur labhar tú go séimh liom,
Bhéarfainn-sé fríd cnuic thú fríd malaidh agus sléibhthe.(continues on next page)