School: Oileán Toraighe (roll number 5164)

Location:
Toraigh, Co. Donegal
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 327

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 327

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Oileán Toraighe
  2. XML Page 327
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí lánamhan ann aon uair amháin agus bhí triúr páistaí aca beirt chailín agus gasúr. Chuaidh an dhá chailín ar fastodh, agus bhí an gasúr ins an bhaile ag a mháthair agus a athair.

    Bhí lánamhan ann aon uair amháin agus bhí trúir páistaí aca. Beirt chailín agus gasúr. Chuaidh an dhá chailín ar fastodh agus bhí an gasúr ins an bhaile ag a mháthair agus a athair. Nuair a bhí an fastodh astoigh ag an bheirt chailín, thainig siad na bhaile, agus nuair a tháinig siad bhí an mháthair, agus an t-athair agus an mac marbh. Ní rabh fios ag an bheirt chailín caidé a dhéanamh siad. Agus d'fhan siad tamall ins an teach. Agus oidhche amháin, tháinig fear isteach un tuighe chuca. Agus chuir an bheirt chailín ceist ar an fhear seo ar cualaidh sé caidé a dhéirighe do na máthair fhéin, agus a h-athair, agus do na dearbhráthair. Dubhairt sé go rabh sé fhéin ag siubhal ar an bhealach mhór oidhche amháin. Agus gurbh cásadh triúr air agus nár labhair siad leis agus nár labhair seisean leó. Dubhairt sé gurbh fear agus gasúr agus bean a bhí ann. Agus gurbh chualaidh sé a dhearbhráthair a rádh go deachaidh siad
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
    Language
    Irish
    Collector
    Gráinne Ní Chearbhaill
    Gender
    Female
    Informant
    Séamus Ó Cearbhaill
    Gender
    Male