School: Oileán Toraighe (roll number 5164)
- Location:
- Toraigh, Co. Donegal
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Oileán Toraighe
- XML Page 320
- XML “Scéal Siógaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean agus fear ann uair amháin agus thug na siuganna as a nighean. Tháinic fear de na siuganna lá fá choinne an mháthair fá choinne bean ghlúin, agus caidé an bhean ar dteachaidh sí aici acht a nighean féin. D'iarr an nighean air a máthair gan aondath dé an bhiadh a bhí aca a ithe, agus dá ndisigh sí é go dtiocfadh crot siugaidhe uirthi. D'innis an nighean annsin díthe gur na siuganna a bhéadh ealáin ar an aonach, annsin thug sí rud dithe agus d'innis sí díthe caidé dheánfadh sí leis le iad á fheiceáil. D'iarr sí uirthi é a chuir ar súil, go bhfeicfidh sí iad. Lá amháin bhí an mháthar ar an aonach agus chuir sí an rud seo ar a súil agus cé a chonnaic sí ach an fear a rabh sí ins an teach aige agus d'aithin sí é. Chuaidh sí go dtí é agus chuir sí ceist air fá an nighean agus chuir seiseann ceist uirthi-se caidé an tsúil ar bhfachaidh sí uirthi é agus thaistín sí dó í. Tharraing sé a bhos agus bhris sé an tsúil innti agus chá fhaca sí aon dath(continues on next page)
- Collector
- Brighid Ní Dhubhagáin
- Gender
- Female
- Informant
- Padraig O Dhubhagáin
- Gender
- Male