School: Oileán Toraighe (roll number 5164)
- Location:
- Toraigh, Co. Donegal
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Oileán Toraighe
- XML Page 309
- XML “Luibheanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fásann gromlasg ar taobh na gclaidhtheach agus baintear úsáid as fá choinne páistí a mbíonn tartfuairt ortha Bruithtear é ar uisce agus bruithear é inéadach agus thig sugh as agus tugtar dó na páistí an sugh fríd an bhainne agus ghnídheann an sugh sin maith dobhtha.
Fásann luibh ins an talamh darbh ainm do cúlfáith agus dá mbeirfeadh air dhoighfadh sé tú agus fásann cuid mhór de i roilicheacha. Nuair a bhíos an bruicneacha ar dhaoinibh, baintear usáid as cúlfhaith le í a bhruith ar uisce, agus an sugh a thabhairt dóibh le h-ól, agus cuirtear siúcra air.
Baitear úsáid as gáirléog fá choinne ainmidhthe nach mbíonn folláin. Sgoiltean siad ruball an ainmmhidhthe agus cuireann siad cúpla gáirléog isteach ann ruball na bó, agus cuireann siad éadach thart air agus cuirtear córda ar an éadach go gcreasuigheann an ruball arais.
Tá luibh ag fás agus sé an tainm atá air copóga agus tá leigheas ann. Ins an t-samhradh nuair a bhíos an copóg ag dul a fhás, bíonn duilleog bheag ghlas istoigh ann agus bíonn sé fliuch agus taobh amuigh de bíonn(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Dhubhagáin
- Gender
- Female
- Informant
- Róise Nic Ruaidhrí
- Gender
- Female