School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 297
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí sin ann agus is fad' ó bhí, fear abhí na chomhnuidhe shuas i gCo Thír-Eoghain, agus é pósta ar bhean as Machaire-chlochair seó amuigh.”
(continued from previous page)a tháinig siad i dtír in India, chuaidh siad suas go teach an fhir a bhí ag díol an lósta leó.
Bhí cailín annsin, agus nuair a chonnaic sí gur fir bhána a bhí ionnta cosamhail leithe fhéin, thoisigh sí a’ ghol agus a’ chaoineadh. “Goideadh mise ó cheidh Lunndain, agus tá mé ‘mó sclábhuidhe annseó ó shoin. Sé an nós atá aca annseó, duine bán a dhoghadh nuair a bíos ollghairdeachas ortha fá rud ar bith, agus tá mise le doghadh anocht”.
“Na bíodh eagla ort” arsa an Captaoin “smaointeóchaidh muid ar ghléas le tú a shabhail. Cá bhfuil fear an toighe?”
“Tá sé amuigh annsin ag cuidiú leó an teine a dheánamh réidh” arsa sise.
D’imthigh an Caphtaoin agus an mate síos go dtí an soitheach arís, agus nuair a bhí siad ag dhul thaire roilig, mhothuigh siad callán mór istigh. “Tóg suas mé” arsa an Captaoin “go bfeicfhidh mé goidé tá ar siubhal annseó”. Goidé do bharamhail a chonnaic sé acht(continues on next page)- Informant
- Nábla Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 92
- Address
- Gabhla, Co. Donegal