School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 295
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí sin ann agus is fad' ó bhí, fear abhí na chomhnuidhe shuas i gCo Thír-Eoghain, agus é pósta ar bhean as Machaire-chlochair seó amuigh.”
(continued from previous page)deireadh tháinig sé go dtí teach a uncal agus bhuail sé ar an doras.
Tháinig cailín aimsire go dtí an doras agus nuair a chonnaic sí cé bhí ann bhuail sí an chomhlaigh amach in’ éadan. “Cé atá ann” ars’ fear a’ toighe, “O tá, smugáchan gasúra” ars sise “agus d’iarr mé air bheith ar shiubhal”.
“Ó” arsa seisean “leig ‘steach é, tá mé ag feitheamh leis le cúpla lá”.
Leigeadh isteach an gasúr agus bhí luthgáir mhór ar an uncáil roimhe. Rinneadh réidh biadh, agus d’ith an gasúr a sháith nó bhí sé lag leis an ocras.
Annsin Thómhais an t-uncail é, agus thug sé amach é gur cheannuigh sé éadach úr dó. Ní rabh an gasúr cleachtuidhe le bheith a chaitheamh éadach galánta agus l?] ní thiocfhadh leis stad acht ag coimhead síos air fhéin. “Ná bhí ag deánamh sin” arsa an t-uncáil “nó bhéidh fhios ag achan dhuine nach rabh éadach maith ort ariamh aroimhe”.
D’imthigh an bheirt aca leó fríd an chathair(continues on next page)- Informant
- Nábla Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 92
- Address
- Gabhla, Co. Donegal