School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 293
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí sin ann agus is fad' ó bhí, fear abhí na chomhnuidhe shuas i gCo Thír-Eoghain, agus é pósta ar bhean as Machaire-chlochair seó amuigh.”
Bhí sin ann agus is fad' ó bhí, fear abhí na chomhnauidhe shuas i gCo Thír-Eoghain agus é pósta ar bhean as Machaire Chlochair seó amuigh. Bhí duine amháin cloinne aca - gasúr chúpla mí d'aoid.
Fuair an fear bás, agus ní rabh slighe beatha ar bith ag an bhean bhocht ach t imtheacht leithe imbéal a cinn.
Rinne sí suas a h-intinn go rachfadh sí 'un abhaile ag a muinntir i Machaire Chlochair, agus thug sí leithe an leanbh i siúd ar siubhal í.
Bhí sí ar iarraidh bidh agus loisti.n ó theach go teach go dtí go dtáinig sí fhad le na bhaile fhéin.
Cuireadh fearadh na fáilte roimpí annsin, agus nuair a mhothuigh siad caidé mar bhí, d'iarr siad uirthí fancht aca, acht nach rabh mórán de ollmhaitheas a t-saoghail aca agus go gcaithfheadh sí deánamh as duithe fhéim go maith agus thiocfadh leithe.
Lá amháin agus í amuigh ag cruinniú casadh fear uirthí ar a(continues on next page)- Informant
- Nábla Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 92
- Address
- Gabhla, Co. Donegal