School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 290
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí Rí 7 bainrioghain ann am amháin agus ní rabh aca aca nighean amháin. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc go dtí go bfuair an bhainrioghan bás agus phós an Rí arais.”
Sgéal.Bhí Rí agus bainrioghain ann am amháin agus ní rabh aca aca nighean amháin. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc go dtí go bfuair an bhainrioghan bás agus phós an Rí arais.
Bhí an leas-mhathair achan rud acht bheith go maith do’n chailín; ní thabharfhadh sí mórán le h-ithe dithe.
Sa’ deireadh d’órduigh sí duithe dhul amach na chnuic agus na caoirigh a’ choimhéadh. Bhí máthair an chailín ag teacht achan lá agus í na caora dhubh agus bhí sí ag tabhairt biadh do’n chailín. Chualaidh an leas-mhathair seó agus chuaidh sí amach na chnuic agus chonnaic sí an caora. D’órduigh sí é a mharbhughadh.
Bhí fhios ag mathair na giorrsaigh seó agus d’iarr sí air an chailín nuair a mhairbhfhidh se, í na ceithre cosa a thabhairt leithe agus iad a chongbhail. Fuair an ghiorrsach na cosa acht bhí an madadh ar shiubhal le ceann aca agus ní rabh aicí acht triúr.
Tháinig an chaora dhubh arais an lá thar na bharach, agus ní rabh(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Bhriáin
- Gender
- Female
- Age
- 13