School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 270
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí Éireannach 7 Sasanach ann aon uair amháin. Ní raibh airgead ar bith ag an Éireannach acht bhú trí pingne ag an t-Sasanach.”
Sgéal. . .Bhí Éireannach agus Sasanach ann aon uair amháin. Ní rabh airgead ar bith ag an Éireannach acht bhí trí pingne ag an t-Sasanach. Chuaidh an Sasanach isteach í siopa a bhí ann agus cheannuigh sé arán. Acht is beag a fuair sé ar na trí pingne a bhí aige.
Tháinig sé amach agus chuir sé ceist ar an Éireannach an rabh seisean ag iarraidh a dhath. Dubhairt sé go rabh sé ag iarraidh loistín go maidín. D’iarr an Sasanach air a bheith leis go dtí an teach loistín a bhí aige-san agus go rannfhadh sé an t-arán leis. Ar an bhealach daobhtha go dtí an teach dubhairt an t-Éireannach nach ndeánfhadh an t-arán mórán maith do bheirt. Dubhairt an Sasanach “Cé bith againn is feárr a dheánfhas brionglóid anocht thig leis an t-árán uilig a bheith aige”.
Tháinig siad go dtí an teach loistín agus chuaidh siad isteach. Nuair a tháinig am luighe chuaidh an bheirt aca go dtí an seomra agus chuaidh siad a luighe. Rinne an Sasanach brionglóid go rabh(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Chuireáin
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Mín Lárach, Co. Donegal