School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)

Location:
Mín an Chladaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Fhionnaile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 266

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 266

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Chladaigh
  2. XML Page 266
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal (continued)

    Bhí fear na chomhnuidhe ar an Bhealtaine Bheag fada ó shoin a rabh Séamus 'Ac Fhionnghaile mar ains air.

    (continued from previous page)
    Oidhche loistín agus greim bidh le h-ithe.
    D’iarr an rí air theacht isteach agus tháinig. Thosuigh sé féin agus an rí a chómhradh. Dubhairt an rí leis go rabh sé ag iarraidh caisleán a chuir suas le seacht mbliadhna agus nach rabh aon chuid de shuas go fóill, nó an mhéid a dheánfhaí sá lá go rabhthar ghá leagaint san oidhche.
    Dubhairt Seamus go gcoimhéadóchadh seisean san oidhche é.
    D’éirigh an rí maidín lá thar na bharach agus chuir sé a dh’obair a chuid fear ar an chaisleán. Nuair a tháinig an oidhche chuaidh Séamus síos go dtí an Caisleán agus bata mór iarainn leis. Chuaidh sé in áirde ar an bhalla. Ní rabh sé i bfad in áirde go dtáinig trí fhathach mhóra amach. Thug duine aca iarraidh an balla a leagaint, acht chaith Séamus cloch bheag air. Chuir an fathach eile ceist air caidé thainig air, “Tá spearbhag bheag de chloc a tháinig orm”.
    Thug sé iarraidh ar an bhalla arais, acht chaith Seamus cloch mór air agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bhriain
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Mín an Chladaigh, Co. Donegal