School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)

Location:
Mín an Chladaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Fhionnaile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 265

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 265

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Chladaigh
  2. XML Page 265
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal

    Bhí fear na chomhnuidhe ar an Bhealtaine Bheag fada ó shoin a rabh Séamus 'Ac Fhionnghaile mar ains air.

    Sean Sgeal.
    Bhí fear na chomhnuidhe ar an Bhealtaine Bheag fada ó shoin a rabh Séamus 'Ac Fhionnghaile mar ains air. Bhí sé iongantach bocht, agus ní rabh aige acht beathach bán. Mharbhuigh sé an beathach lá agus chongbhuigh sé an craiceann agus na cruidhtheacha. Fuair sé claidheamh deánta amach as na cruidhtheacha, agus sgríobh sé uirthí “Seamus Mac Fhionnghaile, céad marbh le gach buille.
    Chuir sé air an craiceann agus chroch sé an claidheamh le na thaobh agus d’imthigh sé go dtí an cuan, an áit a rabh soitheach réidh le h-imtheacht. Thug sé léim ar bórd agus chuir sé amach putógai ‘ach fear dá rabh ar an bhád.
    Tugadh go dtí oileán i bfad ó bhaile é, agus nuair a chuaidh sé adtír ní rabh teach nó cró le feiceál aige, acht solus beag a bhí i bfad uaidh. Nuair a tháinig sé fhad leis an t-solus, caidé bhí ann acht teach rígh.
    Bhuail sé ar an doras agus tháinig cailín amach agus chuir sí ceist air caidé bhí sé iarraidh. Dubhairt seisean
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Bhriain
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Mín an Chladaigh, Co. Donegal