School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Tá culaith mhaith éadaigh ort” arsa an diabhal. D’imir siad leó agus chaill Seán a chulaith eadaigh agus bhí sé tár nochtaidhe.
“Níl a dhath agam anois” arsa Seán “Tá dhá shúil mhaith in do chloigeann” arsa an diabhal. D’imir siad leó agus bhain an diabhal arís agus chaill Seán a dha shúl.
B’éigin do Sheán an imirt a thabhairt suas an iarraidh seó. Bhí a chuid airgid caillte aige agus amharc na súl, agus gan snaithe éadaigh aige le cuir ar a dhruim.
D’imthigh sé leis ar a chosa agus ar a lamha, agus tháinig sé go dtí cró beag an áit a mbeithfí a deánamh poitín. Chuaidh sé isteach agus chuaidh sé i bfolach istigh i mbairille. Ar uair an mheadhon oidhche tháinig dhá chat déag agus rí chat isteach. “D’innseochainn sgéal dibh” arsa an rí chat “dá measfhainn nach rabh duine ar bith ag éisteacht”. Chuartuigh na cait an áit agus ní fhaca siad rud ar bith.
“Anois, innseochaidh mé an sgéal díob” arsa an rí chat. “Tá inghean Rí na h-Éireann le bás i mBaile Atha Cliath agus an duine a leigheasfhas í, tá sí fhéin nó dhá charr ór le faghail aige. Ní leigheasfaidh rud(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Bhriáin
- Gender
- Female
- Age
- 14