School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 236
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí triúr nigheanach aca. Bhí siad iongantach bocht 7 ní rabh slighe bheatha ar bith aca acht ag dul na coilleadh a bhaint brosna agus a dhíol.”
(continued from previous page)“Bhal, mó dhún as mó dhorn orm-sa” arsa seisean, “nach bhfaghamh suaimhneas go bhfaghaidh mé amach iad”.
“Ó, ní choróchaidh tusa [nainn]?” ars an mhathair “tá tú beag go leór againn fhéin”. Acht chaithf’eadh seisean imtheacht. D’iarr sé uirthí lón bidh a dheanamh réidh do, agus rinne sí réidh dhá bhonnóg aráin. Chuir sí ceist air ciaca a bfeárr leis, an bhonnóg mhor agus a mallacht nó an bhonnóg bheag agus a beannacht. “Is feárr liom an bhonnóg bheag agus do bheannacht” a deir sé agus d’imthigh sé annsin.
Shiubhal sé leis go dteachaidh sé go dtí coillidh mhór. Chuaidh sé isteach sa’ choillidh agus chonnaic sé solas beag i bfad uaidh agus tharraing sé air. Ní rabh sá teach ach seanduine mór. D’fhiafruigh an seanduine caidé bhí ag cuir bhuaidheartha air, agus d’innis an buachaill dó ó na thús go dtí na dheireadh.
“Fan agam-sa go maidin” ars an seanduine, “agus bféidir go dtabharfaidh eólas imbárach duit.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal