School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 235
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear agus bean ann uair amháin agus bhí triúr nigheanach aca. Bhí siad iongantach bocht 7 ní rabh slighe bheatha ar bith aca acht ag dul na coilleadh a bhaint brosna agus a dhíol.”
(continued from previous page)phill an fear na bhaile agus lán carr de ghinidheacha leis. D’fiafruigh an bhean dó tá rabh na nighneacha. Dubhairt sé leithe gur dhíol sé an bhean a ba sine ar lán a charr de phingeacha, an darna bean ar lán a charr de sgillingeacha, agus an bhean a b’óige ar lán a charr de ghinidheacha.
Thug sé na trí lód na bhaile acht ní rabh sin ag sásamh na mathaire ar chor ar bith - bhí sí buaidheartha fa na nighneacha. Bhí sí annsin agus í ag caoineadh fá na cuid paistí achan lá.
Bhí gasúr beag annsin aca, agus bhí an gasúr ag coimheadh ar a mhathair ag caoineadh ar fad agus ní rabh fhios aige caidé bhí contráilte leithe. “A mhathair” arsa seisean lá amháin “tá mé ag coimhead ort ag caoineadh achan lá ón lá a thóg mé mó chos ón talamh, agus níl fhios agam caidé atá ort.
“Bhal, tá sé chomh maith agam innse duit” ars an mhathair, agus d’innis sí dó an sgéal fá na thriúir deirbhshiúr.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal