School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 228
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí bean na comhnuidhe thiar in iochtar na Rosaibh uair amháin agus ní rabh aicí ag a' mhac amháin.”
(continued from previous page)stad siad go rabh siad thiar in iochtar Chonnachta. Bhí cailín óg annsin eadar dáil agus pósadh agus oidhche mhór damhsa ann. Chuaidh siadsan isteach fríd a’ chuideachta agus bhuail siad boc ar an chailin agus thuit sí sí ‘na cnap i laige i lár an urláir, agus bhí sí leobhtha.
D’imthigh siad agus í leobhtha amach an bealach ceadhna ag tarraingt ar an bhaile. D’fág siad sop intheacht eile thiar in a h-áit. Acht nuair a bhí siad a chomhair an bhaile thiar in iochtar na Rosann dubhairt an Baoghallach, “tá sí tamall ar chúl achan fhear agaibh ó d’fág sibh thiar agus chá dtug sibh damhsa ar chor ar bith í.
D’fiafruigh siad de’n mhaighistir an gcuirfheadh siad ar a chul í tamall agus d’iarr sé ortha í chuir. Nuair a fuair seisean ar a chúl í bhí sé a’ chomhair an bhaile agus ní dhearn sé féin agus í féin a dhath ach léimniú de’n ghearrán agus compáis a gheárradh thart agus níor leig an eagla daobhtha-san a theacht isteach agus eisean istoigh.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal