School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 227
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí bean na comhnuidhe thiar in iochtar na Rosaibh uair amháin agus ní rabh aicí ag a' mhac amháin.”
Sgéal.Bhí bean na comhnuidhe thiar in iochtar na Rosaibh uair amháin agus ní rabh aicí ag a' mhac amháin.
Tháinig Oidhche Shamhna agus dubhairt sé le na mhathair, “Rachfhaidh mé amach anocht go bfeicidh mé goidé cluinfheas mé no mhothochas me. Anocht oidhche na ngearráin ban”.
Ó, bféidir ná mbfeárr duit sin” arsa an mhathair “nó fanacht istigh sa’n teach “Rachfhaidh mé amach ar scor ar bith” arsa seisean.
Chuaidh sé amach agus shiubhal sé leis síos go rabh sé ag taobh binne. Bhí an mhuinntir bheaga ag teacht amach agus achan dhuine aca ag tabhairt leis gearráin bán agus ag ‘ul a mharchuidheacht air. Bhí an Baoghalach beaduighthe ‘na sheasamh ag coimhead ortha. “Fághaigidh gearrán damhsa fósta” arsa seisean.
Tharraing fear aca buachallán buidhe agus shín sé chuige é. “Gabh mharcuidheacht” arsa seisean. Chaith sé cos ar an bhuachallán buidhe agus bhí sé na ghearrán chomh maith leis an chuid eile.
D’imthigh an t-iomlán leobhtha agus níor(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal