School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)

Location:
Mín an Chladaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Fhionnaile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 223

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 223

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Chladaigh
  2. XML Page 223
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Tá dáta fada bliadhanta ní rabh mórán comhnuidheacha annseó. Ach bhí fear amháin na chomhnuidhe i Machaire-galthan ar a dtabharfadh siad Mac Giolla Bhrighde.

    Sgéal.
    Tá dáta fada bliadhanta ní rabh mórán comhnuidheacha annseó. Ach bhí fear amháin na chomhnuidhe i’ Machaire-Galthan ar a dtabharfhadh siad Mac Giolla Bhrighdhe.
    Bhí sé iongantach saidhbhir. Lá amháin tháinig fear beag isteach chuige agus d’fan an fear aige ar feadh seacht mbliadhna. Bhí sé ag deánamh cípíní beag ar feadh an ama agus ní dhearn sé turn oibre ón lá tháinig sé acht ag dul daobhtha sin. Tá árd bheag annseo ar a dtabharann siad Árd na Buailibh air. Bhí sé ag sathadh na gcipíní uilig ar an Árd seó ar feadh an ama.
    Acht i gcionn na seacht mbliadhain bhí an “cheart Eaglaise” á dtógáil ar fud na h-Eireann, agus tháinig na saighdiúirí ar Mhac Giolla Bhrighde fá choinne thógail an airgid. Ní rabh sé sásta a dhath a thabhairt daobhtha agus thug siad dhá cheann déag do na chuid bearrach leó. Bhí Mac Giolla Bhrighdhe buaidheartha nuair a chonnaic sé a chuid eallaig ar shiubhal.
    Tháinig sé isteach ún toighe agus arsa
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Uí Curráin
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Machaire Gathlán, Co. Donegal