School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus é na chodhladh.
"Chuaidh mé féin isteach 'na gharraidh, fuair mé cupla tor lustain, bhrúigh mé é agus chuaidh mé isteach na cúirte. Chuir mé ceirín leis an chnéadh ar an fháthach f'a choinne suaimhneas a thabhairt dó, go gcodhlóchaidh sé leis".
"Chuartuigh mé liom fríd an chúirt, casadh an claidheamh sin orm ata in do láimh-se anois; thóg mé é ón áit a rabh sé na luighe, agus chuir an claidheamh trí sgread as.
D'éirigh an fáthach le léim amach as an leabaidh. Bhuail mé leis an chlaidheamh é agus steall mé an ceann dó."
"Nuair a mhothuigh an dá ghasúr gur marbhughadh an fear a shíl siad a bhí in a athair aca, d'imthigh siad fríd an oileán agus sé an masla is fó a fuair mé na ndiaidh le greim a fhághail ortha."
"D'innis mé daobhta annsin gur dhá dhearbhrathair damh féin abhí ionnta. Chreid siad mé annsin agus thug mé na bhaile iad ag m'athair."
"Chuaidh mé féin agus í seó(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal