School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)

Location:
Mín an Chladaigh, Co. Donegal
Teacher:
Seán Mac Fhionnaile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 207

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 207

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín an Chladaigh
  2. XML Page 207
  3. XML “Rí Chruachán Connachta agus Gruagach na gCleas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Maith go leór" arsa an Ghruagach.
    Siúd an bheirt isteach ag imirt.
    Bhain Rí Chruachain Chonnachta an chéad chluithche
    "Beir do bhreith, a rí" arsa an Ghruagach.
    "Cailín na cistineadh agus an capall gorm".
    "Is bocht an duais atá tú ag iarraidh" arsa an Gruagach "agus an seómra breágh mná a chonnaic tú agam-sa".
    "Tiocfhaidh mise le a bhfuil me ag iarraidh" arsa an rí
    Chuaidh siad igcionn cluithche eile annsin.
    Bhain an Gruagach an darna cluithche.
    "Beir do bhreith a Ghruagaidh" arsa an rí
    "Bféidir nach beag duit a luach" arsa an Gruagach. "Cuirim faoí gheasaibh thú dul go tírthe Lochlannach, claidheamh na buaidhe atá ag mac Rí Lochlann a thabhairt anall agus a thabhairt damh in mó lámh".
    "Cuirim-se faoí gheasaibh thusa" arsa an rí "gan éirigh ón chathaoir a bhfuil tú do shuidhe uirthí, gan a ghreim a fhaghail le h-ithe nó le h-ól, acht mias uisge a fhágail ar an tábla le do bhéal a fhliuchadh go dtí go bpillfidh mise leis an chlaidheamh."
    Annsin d'éirigh Rí Chruachán Chonnacht, fuair sé an capall gorm, chuaidh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1088: Eating Contest
    AT1121: Ogre's Wife Burned in his Own Oven
    AT1640: The Brave Tailor
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Dubhgáin
    Gender
    Male
    Age
    72
    Address
    Mín an Chladaigh, Co. Donegal