School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Níl" arsa sise "tá sé amuigh ag seilg acht cha bhíonn sé ibfad. "Tháinig mé le cluithche cárdaí a bheith agam leis" arsa seisean. "Tcím" arsa sise, "má bhaineann tú an chéad chluithche innseocaidh mise duit caidé an duais a iarrfhas tú. Tá mise annseo, agus an cóiriúgeidh contráilte orm ar eagla go dtabharfhadh gaisgidheach ar bit fa deara mé go mbéidh an t-am shuas. Mo bhaineann tú, abair go mbéidh mise agat agus an capall gorm agus dhéanfaidh sin cúis.
"Anois" arsa sise "tá lán seómra de chailíní breágtha aige agus taisbeánfaidh me duit caidé an áit a bhfuil siad. Thig leat a bheith ag cómhradh leo go dtig sé".Annsin tháinig an Gruagach. "Bhí fear uasal annseo 'do iarraidh" arsa sise.
"Cá bhfuil se?" arsa seisean.
"Ag cómhradh leis na cailíní"
"Abair leis theacht annseó".Chuir sé míle fáilte roimh rí Chruachain Chonnachta agus chuir sé ceist air goidé a gnoithe annseó."Tháinig mé fa choinne cluithche chárdai a bheith agam leat".(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal