School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mar d’innis mise duit-se.
“Bféidir go léigheasfaí go fóill é” arsa sise. “Chá leigheasfar” arsa seisean” chaith mé an slat amach sa loch.
Nuair a d’éirigh siad lá thar na bharach shiubhal siad leobhtha go dtí go rabh siad ag taobh an locha, tharraing sise amach slat draoidheachta eile.
“Buail buille orm-sa anois” arsa sise “Ní bhuailfhidh” arsa seisean “barraidheacht a bhuail mé”. “Cá ndeán tú maith go mbuailfhidh tú mé” arsa sise.
Bhuail sé buille annsin oirthí agus rinne sé madadh uisge dithe. Gheárr sí léim amach sa’ loch agus cha rabh i bhfad gur phill sí agus slat na draoidheachta leithe in a béal. Bhuail sé an chéad bhuille oirthí-sé agus tháinig sí in a cruth fhéin. Annsin bhuail sé buille ar Dhubh agus a chuid eachraí. Tháinig siad uilig in a gcruth féin. Chuaidh siad go dtí cúirt an rí agus bhí féasta mór aca. Chuaidh mise an bealach mór agus iadsan an tráigh agus níl fhios agam caidé d’éirigh daobhtha ó shoin.- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal