School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an ceann duithe. D’imthigh an bheirt annsin ag tarraingt ar Chúirt an rí, agus thoisigh siad ag sgéalaidheacht le chéile, go dtí gur innis Dubh do Dhonn go rabh sé na luighe ag a bhean aréir agus nár aithin sí é. Bhuail díth-éadh Donn ó bharr a laidhre go mullach a’ chinn, bhuail sé buille slat na draoidheachta ar Dhubh agus rinne sé carraigeacha dó féin agus de chuid eachraidh. Chaith sé slat na draoidheachta amach sa loch a bhí ag a dtaobh sa’ dóigh nach bfuighthí a choidhche é.
Shín sé leis go teach an rí. Shíl achan dhuine gur bé an fear amháin a bhí aca ar fad. Nuair a chuaidh siad a luighe an oidhche sin thionntuigh an bhean óg a a cúl leis.
“Caidé atá caitheamh ort?” arsa seisean. “Tá oiread meas agam-sa orm féin anocht agus bhí agat-sa ort fhéin áreir nuair a chuir tú do chlaidheamh eadar mise agus tú fhéin ins an leabaidh”. Bhuail buaidhreadh mór Donn annsin fa dtaobh de’n rud a bhí deánta aige agus d’innis sé duithe(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal