School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a cheanghlóchas iad” arsa seisean. Chuir sí suas an láimh agus thug sí trí ribe de na cuid gruaige dó. Nuair a fuair seisean faill uirthí chaith sé na trí ribe isteach sa’ teine. Thug an bheirt iarraidh ar a chéile. Nuair a bhí cruaid ag gabhail ar Dhubh sgáirt sé ar a chuid eachraidh. “Teann, teann, a ribe, agus bain an ceann ó bhraighid dóibh” arsa sise “Is doiligh damh é” arsa an ribe “agus mé mó luighe ar chúl mó chinn ins an teine”
an áit a bhfuigheadh beathach lán a bhéil amach as a’ chailleach bhí sé aige, agus an cú ar an nós céadna. Bhí an seabhac ag piocadh na súl agus na mallaidheacha amach aistí.
Nuair a chonnaic sí gur bhás duithe agus nach beó dubhairt sí “Fágfhaidh mé na sheasamh beó do dhearbhrathair agus a chuid eachraidh arais”.
Fuair sí slat na draoidheacht annsin, bhuail sí buille ar achan cheann aca agus rinne sí beó arais iad.
Do réir is ma bhí corruigh ar Dhonn tharraing sé a chlaidheamh agus steall sé(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal