School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)arsa nighean an rí “tá sí ag teacht annseo i gcomhnuidhe achan mhaidin. Duine ar bith ariamh a chuaidh ‘na diaidh char phill sé.
“Go dubh is go bán” arsa Donn “go leanfaí mise fosta í”
D’imthigh sé leis ag marcuidheacht ar each, cú le na chois agus an seabhach in áirde ós a cionn ins an spéir. Chuir sé an giarrfhiadh isteach i mbun sean-chaisleán. Chuaidh sé féin isteach na diaidh agus bhí cailleach istigh roimhe. “Ceangal do chuid eachraidh” arsa sise.
“Níl a dhath agam a cheanglóchas iad” arsa seisean. Chuir sí suas a láimh agus thug sí trí ribe de na cuid gruaige do, “Ceangal le sin ias”. Cheangal sé iad.
“A Dhonn, mhic a d’iarfaidh bheaduighte, anall as Éireann, nár mhór an croidhe duit theacht anall as Éireann gur mharbhuigh tú mó thriúr mac”.
Le sin thug sí síneadh sanntach air. Nuair a bhí teacht cruaidh ar Dhonn sgáirt sé ar a chuid eachraidh.
“Teann, teann a ribe, agus bain an cheann ó bhraigh b doibh” arsa an cailleach.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal