School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí Donn sa’ doras leis. Nuair a chonnaic an Rí é chuaidh sé a shiubhal ar a ghlúine. D’iarr sé air da mbé a thoil é ghabhail suas na cúirte.
“Dá ndeánfhadh sibh mar sin ó thus é ní thabharfhadh sibh leath oiread masla damh-sa” arsa Donn.
Chuaidh sé suas leis an Rí. Nuair a chonnaic an nighean é, bhí fhios aicí go rabh an fear ceart aige. Leag sí dlaoidheóg na gruaige ar chul a’ chinn, giota na casóige an áit a rabh an beárna agus giota na butaise mar a gceádna.
Chuaidh achan ghiota isteach in a áit fhéin cosamhail le nár geárradh ariamh iad.
Tháinig sagart méis agus cléireach uisge agus pósadh iad. Rinne siad bainfhéis mhór a mhair seacht lá agus seacht n-oidhche. Nuair a bhí sin thart chuaidh achan dhuine na bhaile.
Maidin amháin tháinig caol-ghiarrfhiadh thart ag Cúirt an Rí.
“Caidé is ciall do’n ghiarrfhiadh seo?” arsa Donn. “Is cuma duit”(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal