School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cha rabh gar ann.
Bhí an bhean a rabh Donn ar loistín aicí ag iarraidh air a dhul na bainse. Dubhairt sé nach rachfhadh, gur strainséar a bhí ann.
Sgairt an rí amach an rabh fhios ag duine ar bith fear ar bith san Ríoghacht nach rabh annseó. Dubhairt an bhean seó go rabh strainséar shios aicí sé agus nach dtiocfhadh sé.
“Amach” arsa an rí le na chuid saigdiúir, “amach agus tabhair isteach é.
Bhuail siad ar an doras, d’iarr siad air éirigh agus ghabhail suas go teach an rí. D’éirigh sé agus bheir sé ar a chlaidheamh agus car leig sé fear ar siubhal ón doras gan marbhú aga.
Nuair nach rabh duine ar bith ag teacht, chuir an rí síos dhá oiread saighdiúir, Níor chorruigh sé as an doras an iarraidh seó go dtí go bfaca sé ag teacht iad. Mharbhuigh sé uilig iad acht fear amháin. Thug seisean sgéala chun cúirte an rí caidé bhí deánta. “Sul a gcuirfí mé níos mó de mo chuid saighdiúirí ‘un báis, rachfhaidh mé féin síos” arsa an Rí.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal