School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thuit sé ‘un suain, gheárr sí giota beag as cúl a chasóige agus chuir sí i dtaisgidh é. Mhusgail sé annsin agus d’imthigh sé.
Tháinig mac rí na Tuirce, leabhar fosgáilte agus claidheamh tarraingiste agus bhain sé mionna aistí nach n-innseóchadh sí a choidhche nach bé eisean a mharbhuigh an fáthach.
Thug Donn go dtí a theach loistín agus rinne an bhean reid a chuid. Chuaidh siad ‘un comhráidh agus dubhairt sí go rabh obair mhór deánta ag mac rí na Túirce, go rabh dhá chuid de nighean rí Gréige bainnte aige. “Ma éirigheann leis imbárach, tá an ríoghacht bainte aige. “Nach cuma damhsa” arsa Donn “cain liom-sa í”
Ar maidín lá thar na bharach d’éirigh sé agus d’imthigh sé ar an nós ceadhna. D’imthig Mac rí na Tuirce as a bhealach mar rinne sé an dá lá roimhe sin. Mharbhuigh Donn an tríomhadh fáthach. Tháinig sé gur fhág sé a cheann ag cosa nighean rí Gréige.
“Leag do cheann in m’ucht agus deán do sgithste nó tá tú sáruighthe” arsa sise. Thainig suamhnan codhladh air.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal