School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus bhí dhá choileán aicí. Chuaidh sé go dtí an seabhac agus bhí dhá éan aicí. Thug sé buidheachas do’n Rí go rabh an saoghal ag gabhail a’ eirghe leis.
Chuaidh sé amach annsin go bfeicf’eadh sé a rabh a’ bhean ag teacht. Chonnaic sé í ibfad uaidh ag tarraingt air. Nuair a tháinig sí fhad leis, “Chaitlín a chroidhe, shíl iné nach rabh tú ag teacht”. “Nach minic a chualaidh tú” arsa sise, “nach fada an bealach mór ná bhfuil corradh ann. Bíonn duine corr - uair agus chá bhíonn sé chomh gasta sin”.
Chuaidh siad isteach un’ toighe agus bhí cúpla mac ar an mheadhon oidhche - fear aca dubh agus fear aca donn. Cha n-aithneóchadh aon duine in Éirinn nó an súil ba gheíre an difir eatorra acht go rabh fear dubh agus fear donn. D’fás siad suas in a dhá ghasúr chliste - an biseach nach dtiocfhadh sá lá ortha, thiocfhadh sé san oidhche ortha. Nuair a tháinig siad go dtí aois scoile, rachfhadh siad go dtí tobar imbun Sléibh Sneachta, nighfheadh siad a n-aghaidh agus a lamha agus bheadh siad in a saith ama ag an sgoil i Rosguill.
Nuair a d’fás siad suas mór(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal