School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 168
- XML “Dán an Toir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fear Beo: "A ghiolla ábaigh faoi'n t-siabadh imbeál an toir; ceist agam ort, in ainm Íosa; an fear saoghalta thú no geilt?
An t-Anam: "Chan duine saoghalta mé nó geilt, acht anam bocht atá i bpéin"
Fear Beo: "Ceist agam ort in ainm osa, acht gan mé dochas a dheanamh duit; cé fhad ó d'fhág tú ann saoghal seo nó annsin atá tú ó shoin?
An t-Anam: "Fiche bliadhain go Domhnach is chuaidh thart, a sgar mé leis an cholainn chlaoin; tá mé mar tchídh tú mé ó shoin, m'aghaidh ar ghaoith is an fhearthainn. Nuair abhí mé ar shaoghal na mbréag, bhí mé go h-aoibhinn aerach ann, marcuigheacht ar m'óigbheathach a' léimnigh, féile is féasta ar gach taobh damh. Nuair a rachfainn un' Aifrinn Dia Domhnaigh ní trócaire a d'iarrfainn do m'anam, ag magadh ar aoinneach a bhfeicfinn agus Corp Chríosta ós mo choinne.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Dubhgáin
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Donegal