School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)

Location:
Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
Teacher:
Seosamh Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 159

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 159

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc an Stolaire
  2. XML Page 159
  3. XML “Bean an Ghréasáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bean an ghréasáin
    Bhí bean lá ag sníomh sa chistin nuair a tháinig bean sidhe isteach chuicí. Bhí an bhean gnoitheach ag déanamh ball éigin agus thug an bhean sidhe gréasan dí agus dubhairt léithe, culaith éadaigh fir a dhéanamh as agus gan a dhath do’n ghréasán bheith fágtha acht sa n-am cheadhna gan í bheith gann ann. Dubhairt sí léithe an culaith bheith déanta réidh aicí roimh lá Nodhlag agus go dtiocfadh sí féin fa na chionne nuair bhéadh an t-am ann. Bhí an bhean bhocht i gcruadhchás do bhí fhios aicí go maith nar bh’féidir dí an chulaith dhéanamh gan giotaí beaga bheith fágtha. Annsin smaointigh sí ar chailleach na gcearc chuaidh sí chuicí agus d’innis a trioblóid dí. Tabhair chugam-sa an gréasán arsa an chailleach agus tar arais seachtmhain ó indiú agus béidh an culaith réidh agam-sa mar a d’órduigh an bhean sidhe duit. Tugadh an gréasán chuicí agus fuair an bhean an chulaith fir réid agus d’fhág sí i dtaisgidh í fa choinne
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Dominic Mac Suibhne
    Gender
    Male
    Address
    An Bun Beag, Co. Donegal