School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)

Location:
Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
Teacher:
Seosamh Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 148

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 148

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc an Stolaire
  2. XML Page 148
  3. XML “Mícheal na gCleas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a mharbhúghadh agus annsin thiocfhadh an méid fola a bhí ins an bhosca amach. Thainig na fhir agus léim an fear a ba shine ar Mhícheal, agus dúbhairt Mícheal is ar Eiblín a bhí an locht uilig agus leig se air fhéin go rabh fearg mór air agus deirígh agus mharbhúigh se Eibhlin. Nuair a chonnaic na fir a cuid fola ag teacht bhí buaidhreadh mór ortha “Ó maise dúbhairt Mícheal is furust sin a léigheas” chuaidh se agus thug anúas adharc a bhí crochta ar an bhalla agus labhair sé isteach inntí agus dúbhairt “a Eibhlin eirígh agus siubhal” deirígh sí na seasamh. Dhíol siad an adharc leis an fhear a ba shine agus chuaidh se na bhaile. Bhí féasta mór ins an bhaile roimhe agus i lár an fhéasta deirígh sé agus phoil se a mháthair, damharc achan duine air agus dúbhairt seisean agus e ag gáiridh” Ó is furust sin a léigheas agus shéidh se isteach ins an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Fhionnghaile
    Gender
    Female