School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 141
- XML “An Fathach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chaith sí tamall mór fada eile leo annsin agus sa doigh cheadhna. Thug sé cead dí dul ag feachaint a muinntear agus igceann na ndeich lá chuir sí an fáinne ar a méar agus tháinig sí arais. Thug sé laetha saoire dí sa tríomhadh h-uair agus nuair tháinig sí arais an t-am seo bhí íontas uirrthí nach raibh an glór le cluinstin aicí mar ba ghnáthach acht in a ionad bhí marbh ciúnas achan áit. Chuaidh sí ar lorg an fháthaigh acht ní raibh sé le feiceáil in aon áit agus tháinig buaidhearadh uirrthí cad a bhain do ó d'imthigh sí. Sa deireadh chuaidh sí isteach sa gháirdín agus fuair sí é na luighe i measg na rós ag fághail bháis. Líon a croidhe lán de thruaighe do. An fáthach bocht ar chaith sí an oiread sin ama leis agus chrom sí síos os a chionn agus d'fhiafraigh sí do an raibh rud ar bith go dtiocfadh leí a dhéanamh do a shábhalaochadh ón bhás é. Gheobhfaidh mé bás gan mhoill arsa seisean muna dtoilfidh tusa mé phósadh sin an t-aon rud a shábhaleochadh mé anois. Níor mhaith leithe a léithead a phósadh acht ar an bhomaite ba chuma léithe acht é(continues on next page)
- Informant
- Máire Ní g Cionnlaoi
- Gender
- Female