School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)

Location:
Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
Teacher:
Seosamh Ó Gallchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 139

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1068, Page 139

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc an Stolaire
  2. XML Page 139
  3. XML “An Fathach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    féiríní agus níor leig tada air ach nuair bhí sé teacht comhgarach do bhlian ón lá ar bhain sé na rósaí thosnuigh imnidhe ag teacht air. Thug a mhuinntear fe ndeara go raibh trioblóid éicint ag cur caithte air agus chuir siad ceist air faoi. Sa deireadh leig sé an rún leo Dubhairt an ingean ba shine na bíodh eagla ar bith ort rachfaidh mise leat go dtí an caislean an lá sin agus faneochaidh mé in áit na rós. Bhí go maith chuaidh an t-athair agus an ingean go dtí an caisleán nuair bhí an bhliadhan istigh Ní fhaca siad duine no deoraidhe in áit ar bith thart acht nuair a chuaidh siad isteach fuair siad tábla leagtha amach le togha gach bidh agus rogha gach díghe. Ghlac siad béile maith agus in a dhiaidh sin siud amach go dtí an gáirdín iad. Ní rabh ibhfad annsin go dtáinig an fáthach millteanach gránda fhad leo agus bhí glór garbh nach raibh taitneamhach ar dhoigh ar bith le cloisint aca ar fud na h-áite uilig. D'fhan an t-athair leis an inghean cúpla lá agus ansin d'iarr sí ar imtheacht na bhaile agus nar b'egal dí fhéin rud ar bith feasta
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0425C: Beauty and the Beast
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní g Cionnlaoi
    Gender
    Female