School: Cnoc an Stolaire (roll number 4740)
- Location:
- Cnoc an Stollaire, Co. Donegal
- Teacher: Seosamh Ó Gallchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc an Stolaire
- XML Page 092
- XML “Ainmneacha Áiteacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- POLL an LEACHTASin poll doimhin atá í Machaire-Chlochair thíos ag taobh na trágha agus thig an lán-mara isteach ann. Is cosamhail gur báitheadh fear sa pholl seó blianta fada o shoin. Cuireadh é ag taoibh an phoill agus tógadh leacht os a chionn. Sé sin an dóigh abhfhuair an áit an t-ainm "Poll-A'-Leachta. Tá'n leacht le feiceail go soiléir go foill.
TEACH na STILLESin áit atá thíos cois a' chladaigh Mhachaire Chlochair. Ba ghnáthach le teach beaga abheith ann fado shoin agus bhíodh na daoine ag deanamh poitín ann agus mar sin a báisteadh an t-ainm ar an áit.
BINN an BHRUGHUINSin binn atá cois a' chladaigh deas do'n Bhunbheag. Ba ghnáthach le cuid mhór sídheogaí abheith na gcomhnuidhe faoi'n bhinn seó agus bheádh siad igcomhnuidhe ag troid agus ag bruighuin eatorra féin. Sin an dóigh a bhfuair an áit an t-ainm sin.(continues on next page)